2015-01-03

Ba chóir go mbeadh snáth ar an suíomh seo ag plé agus ag déanamh tagairt ar mór nuacht ó thaobh an chéad olltoghchán eile sa Phoblacht i 2016 trí mheán na Gaeilge.

An shíleann éinne anseo nach leanfaidh an Rialtas ar aghaidh chomh fada sin? Déarfainn go leanfaidh.

Bhí tuairisc mhaith san The Irish Times inné ag déanamh tagairt ar méid a dúirt Micheál Martin faoin olltoghchán eile. Tá an ceart aige agus is breá liom an caint ionraice a chloisteáil ó thaobh staid na páirithe tar éis an olltoghchán, fiú má tá dar leis seans ag Fianna Fáil a bheith mar an páirtí is mó. Seans mhaith nach mór a mbeidh an difir idir na trí páirithe is mó ó thaobh Teachta Dálaí tofa- Fianna Fáil, Fine Gael agus Sinn Féin. Mar sin níl mór-pointe a bheidh ag déanamh anailís inniu, i Eanáir 2015, faoi cé a mbeidh i gcumhacht mar tá an chéad Rialtas eile ag brath ar na huimhreacha de Teachtaí Dálaí tofa ó gach pháirtí.

Arís seo é an halt sin le Micheál Martin agus ba bhreá liom a bheith in ann ailt substainúíl faoin gcéad olltogchán eile a léamh ar an snáth seo le tuairiscíocht agus anailís maith i mBéarla agus i nGaeilge. :) Ná déanaigí dearmad go bhfuil olltoghchán i dTuaisceart Éireann i mí Bhealtaine freisin agus má leanann Sinn Féin leis an líon de vótoírí i dTuaisceart Éireann agus má fhásann siad go mór san olltoghchán sa Phoblacht an bhliain seo chugainn go mbeidh seans suntasacha ann go mbeidh siad an páirtí is mó ar oileán na hÉireann. Wow. Is sin sprioc mhór má bhfaigeann siad an tacaíocht sin le bheith mar an páírtí is mó ar an t-oileán le h-ionadaí poiblí tofa i ngach contate ar oileán na hÉireann.

Fianna Fáil could become ‘largest party’, says Micheál Martin

Tá athruithe mór le teacht thar an bliain nó 15 nó 16 míonna amach romhainn ó thaobh tacaíocht na bpáirithe. An mbeidh daoine in Éirinn níos compordach roimhe leis Buiseád eile le teacht ó dheas roimhe sin agus an Feidhmeannas agus Tionól sa dTuaisceart níos inbhuanaithe anois? Nó an mbeidh mór-fearg ar a lán daoine go fóill agus iad ag caitheamh a cuid vótaí i mí Bhealtaine ó thuaidh agus go luath i 2016 sa dheisceart? Tá súil agam go mbeidh a lán daoine le meon dearfacha tofa!

Show more