2014-02-26

An t-aon údar dóchais atá agam faoin tuarascáil a d’éisigh RTÉ inné go bhfuil duine chomh cumasach le Rónán Mac an Iomaire sásta a ainm a chur leis. An tuarascáil atá i gceist agam ná RTÉ Services In Irish: Core Values And Principles, Recommendations. Report of the RTÉ Irish Language Working Group, tuairisc, a deir Rónán, mach bhfagfar ar an seilf.

Seo tuairisc a tháinig mar aisfhreagra RTÉ ar thuairisc eile a choimisiúnaigh siad ó Chilian Fennell, iar stiúrthóir chláracha theilifíse le TG4, agus ar foilsíodh trath an Oireachtais i Leitir Ceanainn i 2012. Tuairisc Stillwater is ainm do agus ní raibh mé ábalta teacht air ar shuíomh RTÉ. Glacaim leis go bhfuil sé ann in áit éigean.

Cheapas – agus cheap go leor eile táim ag…ceapadh – gur polasaí a leanfadh an tuarascáil sin seachas tuairisc eile (agus nach nglacfadh sé bliain go leith ach an oiread – ach is tuairisc é seachas polasaí. Tá a fhios agam sin mar tá sé i rannóg na dtuairiscí ar shuíomh RTÉ seachas rannóg na bpolasaí ar an suíomh céanna. Agus Rónán á cheistiú faoi na cúrsaí seo ar Cormac ag a Cúig ar RnaG, an t-aon cainéal de chuid RTÉ a thug, de réir m’eolas, léargas ar an scéal tabhachtach seo, dúirt sé go mbeadh duine á cheapadh ina cheannaire tras rannach Ghaeilge ar RTÉ agus go mbeadh an bhfreagracht ar an duine sin polasaí a dhréachtú.

Anois sara dtosnaím ar an anailís níos géire, is fiú a rá gur ionann RTÉ agus oll-long (ar nós an QE2 nó an Titanic) agus tá sí deacair a chur ar mhalairt treo ó chúrsa atá sí ag leanúint ar feadh a cuimhne.

In ainneoin an méid atá ráite ag Rónán, ní dhealraíonn sé go bhfuil an chuid eile de RTÉ ar an eolas. Ní fhaca mé RTÉ News aréir ach ní raibh aon tuairisc ar shuíomh nuachta RTÉ faoin scéal tabhachtach seo. Is scéal tabhachtach é, creidim, nuair a thuairiscíonn grúpa de chuid an chraoltóra náisiúnta go bhfuil gá don gcraoltóir sin feabhas suntasach a chur ar a sholathar sa phríomh teanga oifigiúil, solathar atá sainordaithe ag reachtaíocht éagsúil.

Go deimhin, léirigh an bealach a caitheadh leis an scéal seo an fhadhb atá ag RTÉ leis an teanga. Bhí tuairisc faoin dtuarascáil ar fheasachán Ghaeilge RTÉ Raidió 1 ag 9.50in aréir – ach ní raibh sé luaite ar an bhfeasachán i mBéarla ag 10in. Déanfar cíoradh géar ar an dtuarascáil ar Raidío na Gaeltachta ach ní luaifear é fiú ar chláracha ar nós Morning Ireland nó Today with Seán Ó Rourke. Táim ag éiseacht le Morning Ireland agus mé á scríobh seo agus beidh an-athas orm bheith mícheart! Níl aon tuairisc go fóill ar shuíomh nuachta RTÉ faoi seo.

Sampla eile de seo an easpa tuairisciú a deineadh ar Morning Ireland maidin Dé Luain ar an agóid ‘Slán le Seán’ i gConamara. Ní amháin go raibh 1,000+ ar bhóthar Chois Fharraige ach labhair oifigeach stáit, is é sin an iar Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, go laidir i gcoinne faillí an Rialtais ar chúrsaí teanga go poiblí, gan cosaint phribhléide ar bith, ag an ocáid. Thóg mé an cheist le Cathal Mac Coille ar Twitter agus dúirt seisean:



Má tá an Ghaeilge le normálú in RTÉ, agus tús le cur le seo gan mhoill, chaill an chraoltóir deis íontach an athrú cur chuige a léiriú gan poiblíocht ‘trasrannach’ a thabhairt don tuairisc seo a léiríonn a laigí.

Maidir le na moltaí féin – tá siad stuama agus tomhaiste. Tá go leor tagairtí ann do dheacrachtaí gheilleagrach RTÉ agus na srianta airgidis atá ar an gcraoltóir agus is dócha go mbeadh sé suarach a bheith ag caint ar na tuarastail arda a dhíoltar le ‘réaltaí’ an chraoltóra, i measc dhaoine eile, sa chomhthéacs sin. Ag an am chéanna, ní féidir le RTÉ an Ghaeilge a lochtú – agus pionós a ghearradh ar lucht féachana/éisteachta/leitheoireachta na Gaeilge anuas ar sin – as a deacrachtaí féin, nuair is léir don saol mór gur beag an bhaint a bhí againn lena deacrachtaí sin.

An mbeidh acmhainní ann, mar shampla, chun laithreán Ghaeilge ar leith a fhorbairt do RTÉ, mar atá molta anseo?

An moladh is suntasaí sa tuarascáil a chuir mé spéis ann ná moladh go mbeadh laithreán ar leith ann don Ghaeilge ar shuíomh RTÉ.

RTÉ should establish a web-based Irish language hub to serve as a locus for a range of content in all forms, and as a signpost to other Irish language resources in culture, media and education. This must be a dynamic site with content that changes every day.

Creidimse go mbeadh seo ar leas an chraoltóra naisiúnta. Bheadh a leithéid ina shuíomh shuntasach do lucht na Gaeilge ar oileán na hÉireann agus ar fuaid an domhain. Ní amháin go mbeadh spéis agam i nuacht an lae agus cláracha comhaimseartha ach bheadh suim agam freisin in abhar cartlainne RTÉ, mar go bhfuil saibhreas i dtaisce ansan.

Cuirim an cheist, áfach, más moladh é seo atá ag teacht ó Ghrúpa Oibre an Chraoltóra go mbeadh laithreán mar seo ann, le h-ábhar nua gach lá, agus, glacaim leis, nuacht, cá fhagann sin an suíomh nuachta idirlín a raibh á lua le RTÉ le breis agus bliain anuas agus clampar mar gheall ar chúrsaí cheardchumainn?

An fhaid is a bhaineann sé liomsa, bheadh sé an éasca mé a shasamh. Abhar ar an idirlíon, cláracha d’ard chaighdeán go rialta ar theilifís agus raidió agus cur chuige caradach i leith na teanga tríd seirbhísí uile an chraoltóra. Ba mhór mo dhíomá mar shampla gur éirigh Hector as a chlár ar 2FM roimh na Nollag mar bhíodh seisean ag úsáid na Gaeilge go rialta ar an gclár bricfeasta sin agus bhínn féin, mo bhean agus pháistí ag baint taithnimh as agus sinn ag dul ar obair/ar scoil. Anois, agus clár iomlán Béarla, ‘Breakfast Republic’ ann ina áit, tá ‘cranky car’ againn!

Ba mhaith liom freisin go mbeadh RTÉ sásta amhrán amháin as Gaeilge den chúigear a chuireann siad chun tosaigh chun bheith san iomaíocht le bheith pairteach i gcomórtas chun Amhrán na hÉireann a roghnú don chomórtas Eoraifíse. Ní h-é go bhfuil ag éirí go h-iontach le na h-amhráin i mBéarla atá roghnaithe ag an staisiún le cur ós comhair an phobail le blianta fada anois!

Rud amháin eile a chuireann isteach orm faoin dtuarascáil seo an neamh-iontas iomlán atá déanta de phobal Ghaeilge na sé chontae. Tá ana shuim acu – againn – i seirbhísí Ghaeilge RTÉ. Aithnímíd gurb é RTÉ ár gcraoltóir. Áirim go bhfuilimíd as an áireamh ar fad nuair a léim raitis mar seo in iontreoir na tuairisce.

1. There is no one audience for Irish language media, and no single channel or platform can be the one-size-fits-all solution to the diverse requirements for services. That said, it is possible to identify three broad segments with particular needs and preferences.

 those people fluent in Irish who mostly (though not exclusively) live in the Gaeltacht communities as traditionally defined (Cork, Donegal, Galway, Meath, Kerry and Waterford) – estimated4 to number 77,185

 children and young people, whose educational formation at primary and secondary levels involves them in learning Irish and hence speaking it every day – numbering about 925,000 of whom about 56,000 attend Gaelscoileanna, where all subjects are taught through Irish

 adults who speak or understand Irish with varying degrees of facility – estimated in the most recent census to number 1.77m, or 39% of the population of the Republic of Ireland, augmented by an unknown number of Irish speakers scattered around the world5

Tá sé dearbhaithe go bhfuil breis is 180,000 ina gcónaí ó thuaidh atá cumas éigean acu sa Ghaeilge. Léiríonn sé seo chur chuige cúng an chraoltóra náisiúnta ar an ‘Naisún Éireannach’ agus má aithním go bhfuil teorainn leis an méid is féidir le RTÉ a dhéanamh, ní doigh liom go bhfuil an méid thuas ag léiriú dearcadh atá ag teacht leis an dtuiscint chomhaimseartha agus cheart ar chúrsaí na tíre seo.

Le clabhsúr a chur le seo, leagfaidh mé béim ar raiteas dearfach ó chathaoirleach an ghrúpa oibre, Patricia Quinn, iar phríomh fheidhmeannach an Chomhairle Ealaíon, a dúirt:

Given the requirement to be explicit about every other aspect of its public service provision, and also the need to converse and partner with others who have a role in language planning, RTÉ should re-articulate its overarching Irish language policy vision and goals, and be clear about how these will be resourced, and expressed from time to time in output. The Irish Language Scheme, which is a mandatory requirement of the Official Languages Act, and the obligations set out in the Broadcasting Act, 2009, should be seen as the start, not the end, of RTÉ’s policy position.

Show more