2014-01-19



Más é Foras na Gaeilge, a chum an tSamhail Nua Mhaoinithe, is é an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas a cheadmhaigh é.

Gadscaoileadh

Más beo do bheo dá n-éis

Na gaid go léir a scaoilis,

Is nach corpán ar do chosa thú

Iontach liom mar éacht é.

Gad do dhúchais dual ar dhual

Anuas má ghearrais díot é,

Ait liom i ndiaidh na sceanairte

Más tú atá ann ach iarlais.

Dá gcuirteá an scéal i mo chead

Déarfainn leat a theacht ceart,

Is féachaint go bhfáiscfeá leathghad

In aghaidh gach gaid a scaoilis.

Leathghad a chaitheas id’ threo uair

Mar dhúil go bhfáiscfeá aniar é,

Leor eol dom ó shin i leith

Id’ láimh nár rugais riamh air.

Minic a tháinig de mo dhíomá

Tuairimí agam ort is smaointe,

Nár mhaise dom a dtagairt leat

Dá dtagainn féin ceart id’ thaobhsa.

Gaid a scaoileadh ní ionann

Is ualach a ligean síos díot,

Ach i gcuimhne mo leathghaid

Is faoiseamh a ghuím duit

Sin dán le Máirtín Ó Direáin a d’fhoghlaim mé don Ard Teist ach, in ainneoin sin, taithníonn sé liom go fóill. Dán é atá thar a bheith cuí agus sinn, nó cuid againn, an deireadh seachtaine ag meabhrú go bhfuil deireadh tagtha le ré i saol na Gaeilge le fógra na hAoine go bhfuil ‘sé cheann eagraíocht’ fógartha ag Foras na Gaeilge le ‘tús úr a chur le ré nua don Ghaeilge’ nó rud éigean mar sin.

I bhfirinne fágann an ghnó ar fad droch bhlas i mo bhéal. Bhí Ard Runaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, ar Nuacht TG4 ar an Aoine ag iarraidh a fhaoiseamh faoi bheith roghnaithe mar cheann eagraíocht a cheilt agus é ag maíomh go mbeadh Conradh na Gaeilge ag caint le na h-eagraíochtaí nár éirigh leo chun cuid dá saineolas a fhí isteach in obair an Chonartha.

Tá meas mór agam ar Chonradh na Gaeilge. Is ball mé – cé nach cuimhin liom ar dhíol mé mo thaille bhallraiochta le gairid ach sin scéal eile. Ach is beag suime atá léirithe ag Conradh na Gaeilge mar eagras náisiúnta i ghnóthaí ó thuaidh den teorainn le fada an lá. Tá – agus tuigim seo – an Chonradh gnóthach le feachtais ó dheas den teorainn.

Tá daoine ann a chreideann gur ionann an chinneadh seo agus deireadh le crioch dheighilt i ré na teanga. I ráiteas a d’éisigh urlabhraí Ghaeilge SF sa Tionól ó thuaidh, Rosie McCorley, dúirt sí, i mBéarla, dála an scéil, ach cén íontas sin ó pháirtí a chreideann san fhimínteacht mar bhunprhrionsabal:

“The changes being introduced by Foras na Gaeilge have come after many years of consultation and discussion with the Irish language sector. Today’s announcement is the latest phase in a strategy designed to ensure funding for Irish language development is focused on delivery.

“Sinn Féin welcomes the ongoing work by Foras to refocus funding for the Irish language in a more effective and efficient fashion. We strongly encouraged all groups and organisations to become involved by applying under the new core-funding arrangements.

“All of the new six lead organisations will now function on an all-Ireland basis. Together with the work by Minister Carál Ní Chuilín to introduce new all-Ireland language planning and development forums, these changes are another important step towards a full-fledged all-Ireland framework for the future strategic development and delivery of the Irish language.

“There will undoubtedly be implications for a range of groups which are currently core-funded, including some in the six counties. However, these must be balanced and seen in the broader positive context of more focused and strategic long-term delivery for the Irish language.

“Sinn Féin will continue to work with all organisations affected by the impending changes, and would encourage even greater collaboration between organisations than ever before.

“While the core-funding review is now complete, there also remains a wide range of options for groups in any part of the island to apply for ongoing project funding and I would strongly encourage such opportunities to be maximised.”

Anois má chreideann Rosie sin, maith go leor. Ach ní chreidimse focal de. Más é tuiscint SF gur ionann Éire Aontaithe agus dul chun cinn ‘leataobhach’ bhuel sin a ghnó féin ach deireann sé go leor linn mar gheall ar dhearcadh an pháirtí agus an chur chuige i leith Éire Aontaithe.

An tseachtain seo chaite, ar an Déardaoin, bhí POBAL ag fáíl aitheantais idirnáísiúnta mar gur thug Comhairle na hEorpa le fios go raibh anailís na heagraíochta abhcóideachta maidir le teip Fheidhmeannas Stormont i leith na Gaeilge agus na geallúintí go léir a deineadh ceart agus cruinn. An lá dár gcionn d’fhograíodh go raibh an Fhoras, ar a bhfuil baill SF, atá freagrach do Aire SFach, Caral Ní Chuilinn, ag fógairt sé cheann eagraíocht sna réimsí éagsúla, an réimse ar a raibh POBAL istigh air san áireamh, feasacht teanga agus abhcóideacht. Sin ainneoin go raibh achomharc á dhéanamh ag Pobal ar chinneadh an Fhorais iad a chur as an áireamh. Creidim Seán Ó Coinn nuair a deir sé gur deineadh iarracht an proiseas a bheith cothrom, cóir agus tré dhearcach cé go ndeir mo eispearas agus taithí go leor eile gur, in ainneoin na n-iarrachtaí úd, ná raibh aon baol go bhféadfaí cothromas, cór agus tré dhearcacht a lua leis an bproiseas.

An gcreideann éinne go mbeidh Conradh na Gaeilge ábalta an obair a raibh POBAL ag déanamh a dhénaamh ar an libhéal céanna, dá fheabhas iad foireann Chonradh na Gaeilge? Ní chreidimse.

Mar a dúirt Aodán Mac Poilín ar Nuacht TG4, bhí an proiseas seo mí chothrom ón tús. I 2011 cuireadh glaoch ar seachtar phríomh fheidhmeannach de na h-eagraíochtaí Ghaeilge (sé eagraíocht acu sin ar roghnaíodh mar cheann eagraíochtaí ar an bhForas teacht chun cainte leis an bhForas chun, is dócha, an proiseas a phlé). Fiú mura tharla an chruinniú amhraaach úd, ós rud é gur bunaíodh eagraíochtaí ar nós POBAL, Iontaobhas ULTACH, Forbairt Feirste agus Altram chun bearnaí agus neamairt i riar na Gaeilge ó thuaidh ó thaobh na n-eagraíochtaí deisceart lonnaithe, bhuel ní raibh aon baol go mbeadh siad ábalta feidhmiú mar eagraíochtaí ‘uile oileanda’

Glacaim leis go mbeidh Conradh na Gaeilge freagrach as obair Iontaobhas ULTACH a dhéanamh, an Ghaeilge a chur chun cinn i measc pobal Phrotastúnach agus phobail eile ó thuaidh go príomha. Ach an mbeidh siad ábalta daoine a chur isteach go ceantair dílseacha chun Gaeilge a mhúineadh nó feasacht teanga a chur chun cinn. Ní fheictear dom go mbeidh. Níl a fhios agam an bhfuil a fhios acu fios an bhealaigh. Ní cáineadh é seo – ach ar cuireadh na ceisteanna sin san áireamh agus an phroiseas seo ar bun?

Ba leithleasach agus leibideach an mhíniú a thug Ferdie Mac an Fhailigh agus Seán Ó Coinn ar an dtoradh a d’fhag pobal na sé contae gan aon cheann eagraiocht as na sé cinn a roghnaíodh. Dar leo, cheapfá, b’ionann an difríocht idir an riar a dheintear ar an dteanga thuaidh is theas agus an riar éagsúil a dheintear maidir le cur chun cinn na Gaeilge sa bhaile mhór nó fán dtuath.

Ba cheart go mbeadh a fhios acu go bhfuil na cúinsí iomlána éagsúla ó thuaidh seachas mar atá siad ó dheas agus is dearcadh ‘níl duine chomh dall leis an té nár mhaith leis feiscint’ bheith ag caint ar an riar éagsúil amhail is nach bhfuil ann ach scoilt ‘baile mór v tuath’. Maslaíonn sé daoine, go h-áirithe iad san atá lena bpostanna a chailliúint mar gheall ar an leathshúíl seo a tugadh dóibh, agus baineann sé ó mhacántacht na ‘moltaí is na focail buíochais’ a tugadh do na daoine sin i raitis an Fhorais.

Ghabh Foras na Gaeilge buíochas leis na 19 n-eagraíocht uilig san earnáil as a dtiomantas don Ghaeilge le linn tréimhse a raibh idir easaontú agus éiginnte ag baint léi. Ghabh siad buíochas leis na heagraíochtaí a ghlac páirt sa phróiseas roghnaithe fosta as a ndúthracht agus iad á n-ullmhú féin dó.

Anuas ar an másla sin, tá an másla seo.

Chuir Foras na Gaeilge in iúl go mbeadh an Foras féin agus na sé cheanneagraíocht nua-roghnaithe ag iarraidh bheith ag obair i gcomhar leis na heagraíochtaí nár roghnaíodh anois lena chinntiú nach gcaillfear an saineolas luachmhar ná an taithí atá cruinnnithe sna heagraíochtaí sin thar na blianta.

“Aithníonn Foras na Gaeilge gur tréimhse chorrach a bheidh sna 6 mhí atá romhainn d’eagraíochtaí a dtiocfaidh deireadh lena maoiniú ó Fhoras na Gaeilge de bharr an chinnidh seo”, arsa Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh. “Agus déanfar gach iarracht a chinntiú nach mbeidh pobal na Gaeilge thíos leis na hathruithe ollmhóra seo, agus go leanfar den obair thábhachtach atá idir lámha ag na heagraíochtaí nár roghnaíodh.”

De réir mar atá socraithe leanfar de bheith ag maoiniú na n-eagraíochtaí uilig go dtí an 30 Meitheamh 2014, agus tiocfaidh na socruithe úra i bhfeidhm ina dhiaidh sin.

Cé a cheapann go mbeidh fonn ar dhaoine atá ar tí a bpostanna a gcailliúnt sásta dul i gcomhar le na h-eagraíochtaí a bheidh ag glacadh a n-áíteanna agus an bhForas a rinne na cinntiú cinniúnacha? Tá’s againn go bhfuilimíd go léir ar son na Gaeilge ach tá gá le mothúcháin daonna a chur san áireamh freisin. Ghlacfadh sé foighid naoimh cur suas lena leithéid, dar liom. Agus ní naomh mise, ni gá a rá is dócha.

Is buille ar leith don Ghaeilge nach mbeidh Forbairt Feirste ag fáil tacaíochta mar a bhí ó 1999 fén gcóras bunmhaoinithe. Is eagras Forbairt Feirste, cosúil le Gael Taca, atá tar éis earnáil ná raibh ann roimhe a chruthú, an Ghaeilge mar uirlis athghiniúna eacnamaíochta. I gcaitheamh na mblianta tá scéimeanna éagsúla bunaithe ag Forbairt Feirste chun bearnaí a líonadh – mar shampla cúrsaí breise ar leith a chur ar fáil do dhaltaí Choláiste Feirste. Fuair FF maoiniú chuige seo trí an chóras oideachais ó thuaidh agus aitheantas dá réir mar oiliúnaí. Nílim cinnte an bhfuil aon ghrúpa ó dheas i mbun an chineál chéanna oibre

An obair is tabhachtaí atá ar bun ag Forbairt Feirste ná ag tiomáint chun tosaigh togra an Cheathrú Gaeltachta in iarthar Bhéal Feirste. Is obair casta é seo le go leor gnéithe – baineann sé le h-aisínteachtaí Stáit a raibh coimhthíoch don teanga agus dá pobal a áíteamh le teacht ar bhórd leis an teanga. Tá seo ag tarlú – ach cad é an toradh a bheidh ar chinneadh an Fhorais anois lena vóta mímhuiníne san obair seo. Ní raibh aon seans go bhfaigheadh Forbairt Feirste an chonradh a fuair Glór na nGael, ceannas na h-earnála “Forbairt Pobail agus Eacnamaíochta” mar ní fheidhmíonn Forbairt Feirste ach ar bhonn áitiúil. Ag an am chéanna chuir siad isteach go drogallach ar chomórtas náisiúnta mar ná raibh rogha eile acu. Ar cheart don CLG iachaill a chur ar chumainn áitiúla a chur san iomaíocht le foirne idir chontae?

Sa deireadh thiar, agus táim ag dul i bhfad scéil le seo, is é an fath is mó go bhfuil frustachas ann nach bhfuil aon chluas á thabhairt d’ionchur ón bpobal aníos san obair seo. Deirtear linn go bhfuil straitéis ann – ach má tá, ní léir dúinn cén straitéis atá ann, cén fath go bhfuil gnéithe áirithe den straitéis, más ann do, á chur i bhfeidhm agus an chuid eile á fhágáil ar an seilf ag bailiú smuite? Conas go bhfuil an tua ag titim ar an dream atá ag obair i measc an phobail amháin – ní cosúil go bhfuil na Stat Seirbhísigh atá tuarastal buan acu – ní baol go bhfuil éinne ag iarraidh orthu obair ar ‘mhaoiniú tuarastail’ gan a bheith a fhios acu ó mhí go mí an mbeidh airgead an mhorgáíste acu. Anuas ar an éiginnteacht sin, ní ligeann do mhaoiniú tionscadail d’eagraíóchtaí pleanáíl a dhéanamh don obair a fhéadfaí a dhéanamh. Le linn saol ré an tionscadail, bionn maoiniú ann. Ina dhiaidh, bionn dada.

An rud is íontaí ar fad faoi seo gur bunaíodh Foras na Gaeilge mar thoradh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta inar gheall Rialtas na Breataine tacú le na h-aidhmeanna seo i leanas.

the British Government will in particular in relation to the

Irish language, where appropriate and where people so desire it:

• take resolute action to promote the language;

• facilitate and encourage the use of the language in speech and writing in

public and private life where there is appropriate demand;

• seek to remove, where possible, restrictions which would discourage or

work against the maintenance or development of the language;

• make provision for liaising with the Irish language community,

representing their views to public authorities and investigating

complaints;

D’fhéadfadh duine a argóint go bhfuil an méid a tharla Dé hAoine ag dul ar mhalairt treo glan le gach aidhm acu seo. An rud faoi ar ndóigh, is ‘sinn féin’ (agus ní go díreach Sinn Féin) atá i mbun na h-oibre seo agus is sinne a bheidh thíos leis sa deireadh.

Sea, mar a dúirt an file:

Gad do dhúchais dual ar dhual

Anuas má ghearrais díot é,

Ait liom i ndiaidh na sceanairte

Más tú atá ann ach iarlais.

Show more